|
| |
| |
|
Lá, 7
July 2004
An masla deiridh / The final insult
Le Concubhar Ó Liatháin
Ag labhairt di le Lá inné, dúirt baintreach an Chaptaein James Kelly go
raibh sé in am don Stát ómós ceart a thabhairt dó.
Bhí Sheila Kelly ag labhairt amach agus feachtas ar tí a sheolta, an
tseachtain seo chugainn, chun tabhairt ar an Stát leithscéal a ghabháil as
an dóigh ar chaith siad leis an Chaptaen Kelly, a cailleadh um an dtaca seo
anuraidh.
Áit lárnach a bhí ag an Chaptaen Kelly i dTriail na nArm i 1970 nuair a
cuísíodh é maraon le John Kelly, iar-fheisire de chuid Shinn Féin, Albert
Luykx agus Cathal Ó hEochaidh as airm a onnmhairiú go mídhleathach chun iad
a chur ar fáil do phobal náisiúnach na sé contae. Níor ciontaíodh duine ar
bith den cheathrar ach cuireadh iallach ar an
Chaptaen Kelly éirí as an Arm i ndiaidh na trialach.
Mhaígh sé i gcónaí go raibh sé ag feidhmiú ar orduithe an rialtais. Roinnt
uaireanta a' chloig tar éis gur cailleadh an Captaen Kelly, ar 16 Iúil,
anuraidh,, thug an Taoiseach le fios nach raibh údar aige macántacht an
Chaptaein a cheistiú agus gur fear a bhí ann a raibh meas tuillte aige. Ach
in ainneoin fhocail seo an Taoisigh, is cosúil go fóill gur beag meas atá ag
an statchóras ar a iarshearbhónta, fiú agus é faoin chré anois le beagnach
bliain.
Chuir Sheila Kelly síos ar an dóigh ar dhiúltaigh an Stát pinsean ceart a
íoc léi, ag maíomh nach raibh go leor íocaíochtaí déanta ag an Chaptaen le
go mbeadh sí in ann leas a bhaint as.
Dúirt sí go raibh an Captaen Kelly tar éis clárú le scéim pinsin do
bhaintreacha agus do pháistí i 1985, ar chuireadh ón Arm. D'íoc sé gach
bliain go dtí an bhliain ar cailleadh é.
"Nuair a cailleadh é, áfach, an rud a rinne an Roinn Cosanta ach an pinsean
a dhiúltú dom," arsa sí.
"Duirt siad nach raibh an Captaen Kelly ag íoc ach ar feadh 18 bliain agus
go raibh gá le híocaíochtaí thar 20 bliain le go mbeadh an teaghlach i
dteideal an phinsin tar éis a bháis." Chomh fada agus a bhain sé leis an
Bhean Uasal Kelly, ba é seo an Œmasla deiridh'. "Ní ceist airgid é seo níl
sa difríocht ach cúpla míle euro ach is léir gur beag an meas a bhí ag an
bhunaíocht agus an Stát ar m'fhear céile, murab ionann agus an pobal," ar sí.
"Táim ag seoladh an fheachtais seo le go dtabharfaidh an Stát ómós dó ar
bhealach éigin leacht beag sa bheairic inar chaith sé a shaol san Arm nó
rud éigin den chineál sin." Mar chuid den fheachtas, tá suíomh idirlín
bunaithe www.captainkelly.org
agus is féidir le daoine a n-ainm a chur le hachainí atá ag éileamh ar an
Stát cibé beartas polaitiúil is gá a chur i gcrích le hainm an Chaptaein a
ghlanadh.
Orthu sin atá tar éis a n-aimn a chur leis an achainí seo, tá Méara Londan,
Ken Livingstone, iar-Aire i rialtas na Breataine, Tony Benn, an tOllamh Dlí,
Ivana Bacik, Niall Ó Bléine TD, Finian McGrath TD agus go leor eile ón saol
polaitiúil.
"Níl uainn ach clabhsúr a chur ar fheachtas fada m'fhear céile le go
nglanfaí a ainm," arsa an Bhean Uasal Kelly le Lá, inné.
Ag preasócáid i nDoire ar 16 Iúil a sheolfar an feachtas go foirmiúil. I
measc na gcainteoirí, beidh John Kelly, an Bhean Uasal Kelly, mac an
chaptaein, James Peter Kelly agus Niall Ó Bléine.
Duine de bhunaitheoirí fheachtas ceart sibhialta an tuaiscirt, Fionnbarra Ó
Dochartaigh, a bheas i mbun na hócáide. Is féidir cuirí a fháil ach
ríomhphost a sheoladh chuig
rights.civil@googlemail.com |
| |
|
| |
|
| |
|
| |
|